Download it now in MS Word format: Paper
One Irish Sample
A - PRÓS DUALGAIS
- (35 mharc)
(a)
(i) "Ar shlí eile is measa an tseanlady ná é." (Mise Mé
Féin) Cad a bhí i gceist ag Aodh leis an gcaint sin? (5
mharc)
Tabhair cuntas ar mháthair Aodha mar a thugtar faoi sa
sliocht. (20 mharc)
(ii) Cén sórt duine é athair Bheití? (10 mharc) Freagra
Samplach
(i)
- Dúirt sé é sin mar bhí a mháthair i gcónaí ag cur ceisteanna
air - "Cá raibh tú aréir?" "Cá bhfuil tú ag dul anocht?"-
mar cheap sí go raibh sé ina leanbh go fóill agus é ocht
mbliana déag d'aois. - Chomh maith le sin bhí sí i gcónaí
ag tabhairt ordaithe dó deoch agus drugaí a sheachaint.
- Bhí máthair Aodha ar aon intinn lena fear chéile. Bhí
athair Aodha an-chúramach leis an airgead agus bhí sise
mar an gcéanna. Ba bhreá leí bheith ag caint faoi na seascaidí
agus cé chomh h-iontach agus a bhí gach rud ag an am sin.
Ach cheap Aodh go raibh an t-airgead gann go leor sa teach
ag an am sin freisin. - Bhí trua ag Aodh di agus í ceangailte
den teach agus don seanleaid i gcónaí. Bhí go leor oibre
le déanamh aici, ag cócaireacht, ag ní agus ag glanadh
gach uile lá. Thug sí an-aire d'Aodh agus choimeád sí
suíl ghéar air i gcónaí, ag cur ceisteanna air faoi cá
raibh sé ag dul agus cé bhí ag dul leis. - Cheap sí go
raibh Aodh ina leanbh go fóill agus bhí sí i gcónaí ag
tabhairt comhairle dó deoch agus drugaí agus go leor rudaí
eile a sheachaint. (ii) - Ní raibh aon suim ag athair
Bheití san oideachas agus mar sin níor chuir sé aon bhrú
ar Bheití dul go dtí an Ollscoil. D'iarr sé uirthi éirí
as an staidéar agus post beag a fháil. -Bhí sé tugtha
don ól agus b'fhearr leis an t-airgead a chaitheamh ar
an ól. Chaill sé a phost nuair a dhún an mhonarcha. Pé
scéal é bhí an-mheas ag Beití air mar choimeád sé an chlann
le chéile agus thóg iad nuair a fuair an mháthair bás.
©
Mícheál Ó Catháin 2000
Páipéar
1
In
Paper 1 you are required to write two pieces of
composition about half a page each in length and do two
comprehension tests.
Breakdown
of marks
Ceist
1 Ceapadóireacht
(120 marks)
Answer two of A,
B, C, D.
- Giota
Leanúnach (60
marks)
- Scéal
(60 marks)
- Litir
(60 marks)
- Comhrá
(60 marks)
Ceist
2 Léamhthuiscint
2
comprehension tests
(50 marks each)
Ceist 1 (A)
An Giota Leanúnach
Requirements
-
Length: About
half a page (17 lines) or 150 words.
-
Be sure to select
a topic which best suits your vocabulary.
-
Write short
sentences and keep it simple.
-
Avoid the use
of difficult constructions. Exam time is not the time to experiment.
-
Check
over carefully what you write, paying particular attention
to tenses and spelling.
Sampla 1: An t-Earrach
Is maith liom
an t-Earrach mar bíonn an aimsir ag dul i bhfeabhas agus
bíonn na laethanta ag éirí níos faide.
Ní bhíonn sé dorcha nuair a bhím ag dul ar scoil
ar maidin agus ní bhíonn sé chomh fuar agus a bhí sé i
rith an gheimhridh.
Tosaíonn an t-Earrach ar Lá Fhéile Bhríde, an chéad
lá d'Fheabhra, agus leanann sé ar aghaidh go deireadh
mí Áibreáin. Fásann
an féar agus na bláthanna go láidir, tagann na duilleoga
ar ais ar na crainn agus éiríonn gach rud glas arís.
Feiceann tú na feirmeoirí ag obair sna páirceanna
arís. Treabhann
siad an talamh agus cuireann siad an síol.
Bíonn na huain óga le feiceáil ins na páirceanna
agus bíonn capall agus searrach le feiceáil anois is arís.
Déanann na héin a neadacha agus cloiseann tú iad
ag cantan gach maidin agus tráthnóna. Titeann Lá Fhéile
Pádraig san Earrach agus bíonn ceiliúradh ar siúl i ngach
áit in Éirinn. Is é an t-Earrach an séasúr is fearr liom.
Foclóir
ag dul i bhfeabhas
improving
treabhann siad
they plough
searrach foal
© Mícheál Ó Catháin 2000