![]() |
![]() |
![]() |
Welcome to LeavingCertSolutions.com |
Paper one Sample Download PDF A - PRÓS DUALGAIS - (35 mharc) (i) - Dúirt sé é sin mar bhí a mháthair i gcónaí ag cur ceisteanna air - "Cá raibh tú aréir?" "Cá bhfuil tú ag dul anocht?"- mar cheap sí go raibh sé ina leanbh go fóill agus é ocht mbliana déag d'aois. - Chomh maith le sin bhí sí i gcónaí ag tabhairt ordaithe dó deoch agus drugaí a sheachaint. - Bhí máthair Aodha ar aon intinn lena fear chéile. Bhí athair Aodha an-chúramach leis an airgead agus bhí sise mar an gcéanna. Ba bhreá leí bheith ag caint faoi na seascaidí agus cé chomh h-iontach agus a bhí gach rud ag an am sin. Ach cheap Aodh go raibh an t-airgead gann go leor sa teach ag an am sin freisin. - Bhí trua ag Aodh di agus í ceangailte den teach agus don seanleaid i gcónaí. Bhí go leor oibre le déanamh aici, ag cócaireacht, ag ní agus ag glanadh gach uile lá. Thug sí an-aire d'Aodh agus choimeád sí suíl ghéar air i gcónaí, ag cur ceisteanna air faoi cá raibh sé ag dul agus cé bhí ag dul leis. - Cheap sí go raibh Aodh ina leanbh go fóill agus bhí sí i gcónaí ag tabhairt comhairle dó deoch agus drugaí agus go leor rudaí eile a sheachaint. (ii) - Ní raibh aon suim ag athair Bheití san oideachas agus mar sin níor chuir sé aon bhrú ar Bheití dul go dtí an Ollscoil. D'iarr sé uirthi éirí as an staidéar agus post beag a fháil. -Bhí sé tugtha don ól agus b'fhearr leis an t-airgead a chaitheamh ar an ól. Chaill sé a phost nuair a dhún an mhonarcha. Pé scéal é bhí an-mheas ag Beití air mar choimeád sé an chlann le chéile agus thóg iad nuair a fuair an mháthair bás. © Mícheál Ó Catháin 2000
Páipéar 1 In Paper 1 you are required to write two pieces of composition about half a page each in length and do two comprehension tests. Breakdown of marks Ceist 1 Ceapadóireacht (120 marks) Answer two of A, B, C, D.
Ceist 2 Léamhthuiscint 2 comprehension tests (50 marks each) Ceist 1 (A) An Giota LeanúnachRequirements
Sampla 1: An t-EarrachIs maith liom an t-Earrach mar bíonn an aimsir ag dul i bhfeabhas agus bíonn na laethanta ag éirí níos faide. Ní bhíonn sé dorcha nuair a bhím ag dul ar scoil ar maidin agus ní bhíonn sé chomh fuar agus a bhí sé i rith an gheimhridh. Tosaíonn an t-Earrach ar Lá Fhéile Bhríde, an chéad lá d'Fheabhra, agus leanann sé ar aghaidh go deireadh mí Áibreáin. Fásann an féar agus na bláthanna go láidir, tagann na duilleoga ar ais ar na crainn agus éiríonn gach rud glas arís. Feiceann tú na feirmeoirí ag obair sna páirceanna arís. Treabhann siad an talamh agus cuireann siad an síol. Bíonn na huain óga le feiceáil ins na páirceanna agus bíonn capall agus searrach le feiceáil anois is arís. Déanann na héin a neadacha agus cloiseann tú iad ag cantan gach maidin agus tráthnóna. Titeann Lá Fhéile Pádraig san Earrach agus bíonn ceiliúradh ar siúl i ngach áit in Éirinn. Is é an t-Earrach an séasúr is fearr liom. Foclóirag dul i bhfeabhas improving treabhann siad they plough searrach foal © Mícheál Ó Catháin 2000 |